Is Buachaillín Mise
Lyrics: Traditional
Guitar, Mandocello, Keyboards and Harmonica: Garry O'Briain
There is no shortage of songs about rakish young men who drink, sport and play and live life to the full. This version seems to be peculiar to the Iveragh Peninsula in South Kerry and it is the first song my mother and I sang together. She had learnt it from her father Pádraig Ó Ceallaigh from Cill Rialaig. My thanks to Máire Nic An Rí, Waterville.
Is
buachaillín mise bhíodh ag imeacht go hóg le fraoigh.
Ag mealladh mná deasa do chaitheas i dtús mo shaoil.
Gan eagla roimh sagart, Easpag ná an Pápa séimh
Ach ag ól is ag imirt is ag clismirt le Báb na gCraobh.
Nuair
a d'éiríos i bpearsain do cheapas go rabhas san aos.
Mo chúl do bhí priocaithe, triopallach, cíortha réidh.
Mo charbhat dearg is mo hata mar dhíon ón mbraon,
Mo bhuaitísi leathair do scaipfeadh an drúcht den bhféar.
Is mó cailín deas a thug taitneamh is grá dom fhéin
Is gur mhinic mé i dtabhairne ag cnagadh is ag díol go daor.
Gur imigh an lasair bhí im' leacain mar scáil na ngcaor,
Mo ghruaigh ag glasadh mar threascarainn barr an fhéir.
Ó
do bhíosa féin tamall is ba thapaidh do thabharfainn léim
Agus urchar maith ceaiste do chaithinn le lúth mo ghéag.
Is i bpáirc na speile ba chneasta mar ghearainn féar
Agus treabhadh le capaill nach greanta mar thógainn téip.
Cén mhaitheas sin domhsa mo ghaisce is mo lúth go léir.
Bhínn ag ól is ag caitheamh gur chaitheas mo stór go
léir.
Agus dfhág sé sin mise go hainnis gan bhean gan spré.
B'é an chúis fé ndear' é bhí an iomad
im' chroí den game.
Nuair
a théinnse sa chathair ar maidin le fáinne an lae,
Nuair a fhaighinn a bhlaiseadh ní cheapainn go mbíodh sé
daor.
Nuair a théinn chun suite ní stadainn ach ag díol is
ag glaoch
Is fad a sheasadh an chuigeann ina haice sea d'fhaightí mé.
Ó
ciach uirthi mar chuigeann sí a loisc is do scól mo chroí
Agus dfhág sí mise gan tapa, gan bheocht, gan bhrí.
Is anois ó táim caite is gan airgead im' phócaí
puinn,
Ó Dia mór lem' anam nach ainnis gan stór mo shlí.
Is
anois atáim caite is mé im' sheanduine críonna liath.
Is le dhá mhaide croise bím ag tarrach mo chnámha im'
dhiaidh.
Dá bhfaighinn cúpla gloine mar bhí taithí agam
fhéin d'fháil riamh
Go deimhin t'réis a gcaite go dtabharfainnse cúrsa fiaidh.